Dé Luain, Samhain 09, 2009

An Bhanríon a chumhdach

“Fairis sin, iarraimid ort gach uile Rí, Ruire agus Rófhlaith Críostaí a choimeád agus a chumhdach; agus go mór mór do sheirbhíseach ELIZABETH ár mBanríon; ionas go mbímid ár rialú féin go diaga agus go suaimhneasach…”. Seo mar a théann an phaidir don Teaghlach Ríoga i leagan Gaeilge Leabhar na hUrnaí Coitinne de chuid Eaglais na hÉireann 2004. Chuirfeadh a leithéid gliondar ar mhórán Gaeilgeoirí is dócha, agus ní dócha go n-úsáidtear an phaidir chéanna go rómhinic (tá paidir ar son an Uachtaráin i bhfeidhm sa deisceart, áit ina mbíonn formhór sheirbhísí Gaeilge na heaglaise ar siúl).

Ar chúinsí intuigthe staire, bíonn nasc an-tréan idir an Caitliceachas Rómhánach, an náisiúnachas agus an Ghaeilge, rud a fheictear, mar shampla, sna hAifrinn Ghaeilge a bhíonn mar chuid lárnach i mórán de na féilte cultúrtha teanga agus ceoil timpeall na tíre.

I gcomhthéacs ráitis dhiúltacha i leith na Gaeilge a bheith déanta ag roinnt polaiteoirí sinsearacha aontachtacha, chas toscaireacht ó Eaglais na hÉireann le hionadaithe polaitiúla Aontachtacha ón UUP agus an DUP, faoi seach, ag tús na bliana seo. Chuir an toscaireacht cáipéis faoi bhráid na bpolaiteoirí, ag cur ina luí orthu a gcreideamh go bhféadfadh suim sa Ghaeilge a bheith ag teacht le Protastúnachas agus/nó le dearcadh polaitiúil aontachtach, agus go bhféadfadh ceangail le Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanainn, an Bhreatnais agus an Choirnis a bheith mar bhealaí le naisc a chruthú leis na réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe/ar na hoileáin seo (féach http://www.ireland.anglican.org/cmsfiles/pdf/Information/Submissions/Ch_Soc/coiirish.pdf).

An féidir a rá go fírinneach go raibh spás i saol na Gaeilge do Ghaeilgeoir le hionannas aontachtach le blianta anuas- céard a bheadh le rá ag aontachtach le Gaeilge? Dar le Gordon McCoy, tuaisceartach a thabharfadh “aontachtach le ‘a’ beag” air féin, bíonn baint láidir ag an scolaíocht le cothú ionannais- is cuimhin leis “Upon Westminster Bridge” a fhoghlaim de ghlanmheabhair ar scoil, ach gan mórán faoi stair nó filíocht na hÉireann a fhoghlaim ansin. Mhothaigh sé “offshore” agus nuair a thosaigh sé ag obair, thug sé aghaidh ar Londain, “croí lár an domhain” dó ag an bpointe sin. Ar ais in Éirinn dó, áfach, bhí sé deacair ionannú a dhéanamh leis an áit ina raibh sé lonnaithe, gan suim aige san Ord Oráisteach agus a leithéid. Na greannáin a léigh sé, cláracha a chonaic sé ar an teilifís, ba as Sasana a thagaidís- faic ag tarlú ina áit féin ach na trioblóidí!

Is cuimhin leis iontas a bheith air nuair a chonaic sé seacht n-iomann le teidil Gaeilge sa seanchló Gaelach sa Church Hymnal a bronnadh air ag a chóineartú (nuair a bhí sé 13 bliain d’aois). Tríd an cheol, Clannad agus a leithéid, músclaíodh suim ann sa Ghaeilge. Bhí gliondar air nuair a fuair sé amach go raibh ciall teanga sna logainmneacha - bhí sruthán in aice lena theach agus ar an bhruach ansiúd, bhí baile fearainn ann darbh ainm Baile an Chlocháin- “townland of the stepping stone”. Bhí a shloinne féin McCoy-Mac Aoidh- sothuigthe sa Ghaeilge. Sna bealaí seo, bhí sé in ann an Ghaeilge a shamhlú lena áit agus a dhúchas féin, agus diaidh ar ndiaidh chabhraigh an Ghaeilge leis bheith níos sásta a bheith anseo. Nuair a thug sé cuairt ar Ghaoth Dobhair, baineadh siar as an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt mar theanga phobal- ní teanga mharbh na leabhar a bhí inti, mar a chreideann mórán Protastúnach go fóill, dar leis.

Cé go dtuigeann Gordon go maith an cúlra tromchúiseach stairiúil, aistear uaigneach aonair a bhí ann do Phrotastúnach óg an Ghaeilge a shealbhú sna 80idí, agus na trioblóidí faoi lán seoil, in éagmais áiseanna ag an teanga i lár “neodrach” na cathrach, taobh amuigh de na seanleabhair a bhíodh ar fáil i Leabharlann Halla an Linéadaigh. Oibríonn sé anois le hULTACH, eagras a bunaíodh chun na teanga a chur chun tosaigh ar bhunús trasphobail sa tuaisceart.

Na nithe is suntasaí atá le baint as scéal Ghordon ná nach raibh timpeallacht fheiliúnach ann le blianta fada chun na Gaeilge a chur chun tosaigh i measc phobal Phrotastúnach nó aontachtach (agus ní hionann an dá rud) na sé chontae ar bhealaí a fhreagair dá n-ionannas áite, dúchas agus cúlra creidimh, agus nach raibh spásanna dóibh chun an teanga a shealbhú, dá mbeadh suim acu inti. Bhí faillí sa chóras oideachais freisin. Is léir go raibh forbairtí de dhíth chun an fhís gur seoid do mhuintir uile na hÉireann í an Ghaeilge a réadú. Conas mar atá cúrsaí anois?

Aonghus Dwane

(Foilsíodh an t-alt seo i mBeocheist an Irish Times ar an 20 Deireadh Fómhair 2009)

Oilithreachtaí- traidisiún ársa in oiriúint do shaol ár linne

An sainmhíniú coitianta a thugtar ar “Oilithreacht” ná turas fada a dhéanamh go láithreán naofa éigin mar chleachtas deabhóideach spioradálta. Téann traidisiún na hoilithreachta siar go tús ré na Críostaíochta- agus is féidir go raibh a bhunús sa turas a rinne na Giúdaigh tríd an Éigipt.

Sa mhoch-eaglais Críostaí ar na hoileáin seo, bhí cáil ar áiteanna áirithe mar láithreáin naofa, agus tuigeadh go mbaintear leas spioradálta as turais a dhéanamh chucu–Dún Phádraig, Cluain Mhic Nóis, Sceilig Mhichíl, Oileán Í Cholm Cille (tobar na Críostaíochta in Albain) agus Cantarbaraí i Sasana (áit ar cuireadh Thomas à Beckett chun báis) ina measc. Ar ndóigh, bíonn traidisiún na hoilithreachta le feiceáil freisin i mór-thraidisiúin reiligiúnacha eile an Domhain- na hIoslamaigh ag dul go Meice agus Medina, cuir i gcás.

Tá athbheochan tagtha ar nós na hoilithreachta sa traidisiún Anglacánach. I 1963, ghlac cléirigh de chuid Eaglais na hÉireann páirt i dturas curaí go hOileán Í Cholm Cille, le comóradh 1,400 bliain a dhéanamh ar theacht Naomh Colm Cille ann. Ar Lá ‘le Pádraig, eagraítear siúlóid phaidre ó Shabhall go dtí Ardeaglais Dhún Phádraig, áit ina gcuirtear seirbhís idirchreidmheach ar siúl. Threoraigh an tEaspag Harold Miller an tsiúlóid i mbliana. I 1921 rinne an tAthair Alfred Hope Patten, sagart Anglacánach, athchóiriú ar scrín na Maighdine Muire i Walsingham Shasana, agus bíonn oilithreachtaí ag dul ann ó dheoisí Eaglais Shasana ar bhonn rialta- ceann acu treoraithe ag Ardeaspag Chantarbaraí, Rowan Williams. Anuraidh, chuaigh Williams ar oilithreacht go Lourdes i ndeisceart na Fraince i dteannta 10 n-easpag Anglacánacha, 60 sagart agus 400 adhraitheoir, agus thugadar cuairt ar grotto an taispeántais. Cháin an tUrr Jeremy Brooks, stiúrthóir Chumann Phrotastúnach na Fírinne, Williams go géar as an turas seo. Eagraíonn Cairde Ardteampall Chríost i mBaile Átha Cliath turas/ oilithreacht le linn shéasúr an Fhómhair gach bliain. Bíonn na céadta míle ó gach aicme chreidimh ag triall ‘chuile bhliain ar an Camino de Santiago, bealach Naomh Séamais i dTuaisceart na Spáinne.

Céard iad na buanna atá ag oilithreacht sa domhan comhaimseartha- domhan ina mbíonn strus mór ar dhaoine de bharr riachtanais oibre agus brú na teicneolaíochta- domhain ina mbíonn fáil ar dhaoine de shíor ag bun líne fón póca, ar Blackberry nó trí cheangal idirlín?

Bhuel, cosúil le turas ar bith eile, tá athrú suímh i gceist- caithfidh tú dul áit éigin atá éagsúil ó d’ionad oibre nó cónaithe ar feadh tréimhse. Is féidir é sin a dhéanamh id’ aonair nó i gcomhluadar. Ná bí ag ceapadh nach mbíonn an chraic agus an spraoi i gceist le hoilithreacht (is léir ó Scéalta Chantarbaraí Geoffrey Chaucer go raibh le fada an lá). Tagann na hoilithrigh le chéile ag na béilí agus bíonn imeachtaí cosúil le seisiúin amhránaíochta ar siúl sna hóstáin ina bhfanann siad, nó eagraítear turais lae chuig láithreáin shuimiúla sa cheantar. Bíonn saoire ón ngnáthshaol agus an chráifeacht ag oibriú i dteannta a chéile. Ar leibhéal eile, feidhmíonn an deasgnáthas cráifeach mar bhealach chun an intinn a chiúnú síos, nó a mhoilliú, de bharr an athrá a ghabhann leis- na hoilithrigh ag gabháil thart ag aithris paidreacha- cineál mantra a bhíonn ann.

Turas, saoire, ciúnú aigne- is léir go bhfuil fiúntas do shaol ár linne ag baint le hoilithreacht.

(Foilsíodh an t-alt seo sa Church of Ireland Gazette ar an 10 Deireadh Fómhair 2009).

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 17, 2008

Nuachtáin Gaeilge agus Blaganna

Scríobhadh an mhír seo mar thrácht ar phíosa atá scríofa sa bhlag iGaeilge (blag Choncubhair Uí Liatháin). Féach www.igaeilge.wordpress.com


"Tá na smaointí atá nochtaithe agat maidir le seirbhís nuachta nó “portal” ilghnéitheach Gaeilge ar-líne go h-iontach, a iGaeilge. Ach cuimhnigh nach bhfuil sé ro-chompórdach bheith ag léamh míreanna tiubha nuachta ar scáileán ríomhaire.

Tá sé deas suí síos le nuachtán clóbhuailte agus cupán caifé. Ni sháróidh ríomhaire seo go deo. Beidh gá i gcónaí le nuachtán de chineál éigin as Gaeilge- céim mhór siar a bheas ann má thagann deireadh leis an leanúnachas a bhí againn ó Inniu go Anois go Foinse: i. dá dtiocfadh deireadh ar fad le nuachtán seachtainiúil Gaeilge. Is trua chomh maith go mbeidh deireadh le nuachtán laethúil mar Lá Nua, ach ní dócha go bhfuil leigheas air sin.

Bhraith mé féin le blianta fada go mbeadh sé go maith da bhforbófaí nuachtán dátheangach Béarla-Gaeilge don mhór-phobal (mar a bhí sa Chlaidheamh Soluis anallód), i. míreanna nuachta éagsúla sa dá theanga- ní díreach aistriúchan ó theanga amháin go teanga eile a bheadh i gceist. Bheadh inrochtaineacht ansin do phobal an Bhéarla dul i ngleic le scéalta faoi staid na teanga, agus measaim go mbainfeadh daoine le méid áirithe Gaeilge triail as míreanna a léamh sa teanga dá mbeadh míreann Béarla timpeall orthu.

Tá iGaeilge chun tosaigh ar na blaganna eile (mo cheann fein ina measc) mar cuireann tú go rialta leis. Ní thig liom féin cur le mo bhlag go rialta toisc post lánaimseartha a bheith agam agus tograí eile ar bun agam. Ba cheart dom na tuairimí seo ar fad a bheith á nochtadh agam ar mo bhlag féin, is dócha, ach tá nios mó leitheoirí anseo, fair play duit: tá ardán cruthaithe agat le iGaeilge gur léir go bhfuil éileamh air. Comhghairdeas. Ach gach seans nach mbeidh na daoine a bheidh ag déanamh inchur sa tseirbhís nua chomh díograiseach ag deanamh nuashonraithe ar a míreanna, munar fostaithe lánaimseartha nó pairt-aimseartha de chineal éigin a bheas iontu".
(Trácht ó crosbhealaí ar bhlag iGaeilge)

Dé Luain, Deireadh Fómhair 06, 2008

An Ardeaglais agus an Ghaeilge: Seirbhís chanta agus Fáiltiú

Beidh imeacht spéisiúil Gaeilge ag tarlú in Ardteampall Chríost (Christ Church Cathedral) i mBaile Átha Cliath, tráthnóna Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair 2008.
Beidh seirbhís chanta Urnaí na Nóna sa traidisiún ardeaglasta Anglacánach ar siúl ag 5.00in. le Cór na hArdeaglaise. Clár ceoil: Freagraí d'Urnaí na Nóna le Síomóin MacÉil; Cainticí Mhuire agus Shimeoin le MacÉil; aintiún le Ian Sexton 'Bí, a Íosa, im chroíse'.

Ina dhiaidh sin ag 6.00in, beidh Fáiltiú do Phobal na Gaeilge ar siúl i lusca (crypt) na hardeaglaise,. Beidh fíon agus sólaistí ar fáil.
Ceiliúradh a bheas san ócáid seo ar na naisc chultúrtha Ghaeilge atá cothaithe ag an Ardeaglais le roinnt blianta anuas: na seirbhísí rialta a bhíonn ag Cumann Gaelach na hEaglaise ann; na nascanna a cothaíodh anuraidh le Colmcille (Éirinn is Albain) agus an Scoil Shamhraidh ar an Athbheochan Ceilteach a ritheadh i gcomhar le hÁras Éanna, Inis Oírr, i 2006.

Deireann Déan na hardeaglaise, an Ró-Oirmhinneach Dermot Dunne: "Fearaim fíorchaoin fáilte roimh phobal na Gaeilge chuig an ceiliúradh seo ar thraidisiún Gaelach Eaglais na hÉireann agus Ardteampall Chríost araon". Gach eolas ó 087 6232841 agus http://www.cccdub.ie/

Dé Sathairn, Lúnasa 02, 2008

Mugabe agus an t-easpag



Tá cúrsaí ag dul in olcas in aghaidh an lae sa tSiombáib. Tá Rialtas Robert Mugabe ag maíomh le fada gur puipéid ag na Sasanaigh agus na Stáit Aontaithe atá i gcinnirí eaglasta cáinteacha, agus san fhreasúra polaitiúil. Má fhéachann tú ar shuíomh gréasáin ZANU-PF (páirtí an rialtais), caitear anuas ar shraith daoine, ina n-áirítear Pius Ncube (iar-ardeaspag caitliceach ar Bulawayo, stiallaire ag Mugabe, a raibh air eirí as nuair a chuir an rialtas líomhaintí adhaltranais ina leith); Desmond Tutu agus Morgan Tsvangirai, ceannaire an MDC.


Tá scoilt mhór in eaglais anglacánach na Siombáibe. Tá an eaglais sin mar chuid de phroibhinse lár na hAfraice. Ach tá easpag Harare, Nolbert Kunonga, ina thaobhaí le Robert Mugabe le fada an lá. Chuir Kunonga i leith thíortha an iarthair go raibh siad ag baint úsáide as “puipéid ghorma” chun an Afraic a threorú lena spriocanna féin a chur i gcrích. Maítear go raibh póiliní rúnda taobh thiar de cheapachán Kunonga mar easpag Harare sa chéad áit, nuair a bhuail sé ar shagart bán, Tim Neill (biocáire Harare) i 2001.

Thosaigh Kunonga láithreach ag taobhú le polasaithe Mugabe/ZANU-PF. Tá Kunonga i ndiaidh a dheoise a tharraingt amach as Proibhinse Anglacánach Lár na hAfraice, cé nach bhfuil seo déanta ar bhealach reachtmhar. Rinne Kunonga cáineadh géar ar sheasamh “liobrálach” na proibhinse ar an homaighnéasachas, ach aithnítear go forleathan gur cúiseanna polaitiúla a bhí taobh thiar dá chinneadh i ndáiríre. Mar fhreagra, dibríodh Kunonga ó Theach Easpag na proibhinse.


Tá cúirteanna na Siombáibe tar éis diltiú d’easpag dlisteanach Harare, Sebastian Bakare (atá aitheanta ag an bproibhinse) seilbh a ghlacadh ar ardeaglais Mhuire agus na Naomh Uile i Harare, ná ar phalás an easpaig. Tá séipéil anglacánacha dheoise Harare curtha fé ghlas ag póilíní rúnda an Stáit, agus ionsaí déanta ar adhraitheoirí anglacánacha. Tá teifigh chléireacha ó dheoise Harare i ndiaidh dídine a iarraidh ó Canterbury Shasana.

I mbliana, cuireadh alltacht ar an domhan mór nuair a thosaigh an stát ag déanamh géarleanúna ar votóirí an fhreasúra, i ndiaidh dóibh tromlach na vótaí a chaitheamh ar son cheannaire an MDC, Morgan Tsvangirai, in ainneoin neart caimiléireachta i gcomhaireamh na vótaí. Ina dhiaidh sin, mar is eol do chách, fograíodh toghchán dreasa don uachtaránacht, lean géarleanúint ar lucht leanúna an MDC agus bhí ar Tsvangirai dídean a iarraidh in ambasáid na hÍsiltíre. Ar deireadh thiar thall, tharraing ceannaire an MDC as an “togchán seafóideach” agus “bhuaigh” Mugabe, in aghaidh damnaithe idirnaisiúnta.



Ar an 30 Meitheamh 2008, tugadh ról lárnach do Nolbert Kunonga ag searmanas insealbhaithe Mugabe, é ag moladh an “chosaint bhuanseasmhach” a thug Mugabe “d’oidhreacht na tíre”. Bíonn “bagairt chóilíneach an iarthair” de shíor ag dó na geirbe ag Mugabe agus chuir sé i leith na heaglaise anglacánaí gur uirlis ag an domhan iartharach atá inti. Faraor, is cinnte go n-iompaíonn an Chomaoineach Anglacánach cuid d’ualach impireacht na Breataine i morán áiteanna, toisc gur síneadh cóilíneach ar eaglais Shasana a bhi inti ar dtús. Bionn roinnt cinnirí iartharacha idir dhá thine Bealtaine de thoradh na líomhaintí seo. Ach labhrann Ardeaspag Eabhrach Shasana, John Sentamu (a raibh air teitheadh ó fhórsaí Idi Amin i Uganda) go neamhbhalbh, ag rá gur “deachtóir ciníoch” ar Mugabe, agus ag moladh do Gordon Brown neamhaird a dhéanamh dá chuid reitrice ach éisteacht le caoineadh phobal na Siombáibe agus gníomhú dá réir.

Ach ní leor geáitse folamh iartharach ar nós aistharraingt ridireachta- ní mór réiteach Afracach a lorg. Ta ról tábhachtach le n-imirt ag rialtas na hAfraice Theas. Má tá fórsa caomhnaithe siochána le cur isteach ag na Naisiúin Aontaithe, ní mór tromlach na saighdiúirí teacht as tíortha Afracacha. Ní mór do chinniri eaglasta treoir dhúshlánach Sentamu agus Desmond Tutu a leanúint. Ach idir an dá linn, leanann an ghéarleanúint agus an fhulaingt sa tír thruamhéalach úd……..


(Foilsíodh an t-alt seo i Gazette Eaglais na hÉireann ar an 1 Lúnasa 2008)

Dé Máirt, Iúil 29, 2008

Blaganna agus bligeardacht ag Lambeth

Tá Lambeth ag dul ar aghaidh i gcónaí, ar champas ollscoile Kent. Ní mór do Gene Robinson, an "t-aon aerach sa tsráidbhaile anglacánach" (dar le leithéidí Peter Akinola, príomháidh na Nigéire) a bheith ag crocadh timpeall ag an mhargadh ar imeall na comhdhála- áit, dála an scéil, ina ndíoltar éide breá órga agus mítéir álainn leis na heaspaig fhearúla eile!) - mar nach bhfuil cead isteach aige. Tá cur síos ar an mhargadh ar an Mad Priest's Blog anseo (blag an tsagairt chuthaigh?).


Tá roinnt des na heaspaig ag coinneáil blaganna iad féin le linn na comhdhála. Tá ceann maith ag Easpag Chorcaí, Paul Colton, (nó "Purple Spice" mar a tugadh air i ndiaidh dó Posh 'n Becks a phósadh le chéile i 1999). B2daC atá mar theideal air- tá sé le fáil anseo. Tá blag ag Gene Robinson féin "Canterbury Tales from the Fringe".

Tá imní ar Harold Miller, Easpag an Dúin agus na Droime Móire, faoin treo ina bhfuil an Chomaoineach Anglacanach ag dul- is easpag ó "eite shoiscéalach" Eaglais na hÉireann é- agus é glan in aghaidh glacadh le haeraigh mar shagairt ná mar easpaig. Ná bígí ag rá nach dtugann crosbhealaí gach taobh den scéal (nó nasc chuige ar a laghad!)- tá blag coimeádach anglacanach le fáil anseo.


Tá suíomh maith ann- http://www.cartoonchurch.com/, a thugann léargas greannmhar ar imeachtaí eaglasta. Is breá liom an cartún seo thíos.



Ach, dáiríre, an bhfuil cead ag easpaig bheith ag gáire? Seo físeán ó Mhór-Ócáid Ghriangrafadóireachta Lambeth:



Seo tuairisc YouTube ar an Eocairist in Ardeaglais Canterbury a chuir tús oifigiúil leis an chomhdháil.



Dé Máirt, Iúil 15, 2008

Lambeth le tosú- Robinson in aice láimhe


Tá na h-easpaig atá le freastal ar chomdháil domhanda na heaglaise anglacánaí i Lambeth Shasana ar tí Blighty a bhaint amach.Tiocfaidh a bhformhóir amárach. Ach tá an t-easpag dúshlánach Gene Robinson i Sasana cheana féin- agus thárla an léirsiú seo ina choinne i séipéal i Londain (mo bhuíochas don bhlagálaí Paddy Anglican as an eolas seo). Críostaithe in adharca a chéile. Níl cuireadh faighte ag Robinson chuig na comhdhála-ach tá sé ann fós- le cur i gcuimhne dóibh siúd atá i láthair gur féidir na súile a dhalladh ar feadh tamaillín, ach ní féidir na fíricí a cheilt- gur chruthaigh Dia gach chineál duine, le buan-tréithe nádúrtha, go raibh maitheas ina chruthú, agus gur ionann iad go léir ina shúile. Dar le Robinson, sheas Críost i gcónaí leis an lucht a bhí fágtha as (i gcomhthéacs an chultúir ina raibh sé ag gníomhú). Ar a laghad (agus gan a h-iliomad lochtanna a shéanadh), tá an Chomaoineach Anglacánach ag caint faoin nádúr daonna mar atá sé (ní mar ba mhaith leo é a bheith)- aeraigh agus mná a bheith ag dul le sagartacht- rudaí a chaithfidh an Eaglais Chailtliceach Rómhanach dul i ngleic leo, uair éigin...amach anseo...